Teach nua stáisiún agus ceardlann le bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana
Gaillimh, Aoine 5 Aibreán, 2002
Thug Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha Frank Fahey T.D. Bád Inséidte Righin (RIB) ar láimh inniu d’Aonad Gharda Cósta na hÉireann i gCuan Chasla ag a dteach Stáisiúin i Ros a Mhíl i gCo na Gaillimhe.
Is í an chaint a rinne an tAire Fahey, “ Tá mo Roinnse an-dáiríre faoi chultúir sábháilteacht ar muir a chothú ar feadh chósta na hÉireann. Tarlóidh timpistí ar muir faraor agus caithfimid a bheith seasta réidh chun freagairt dóibh. Caithfidh an trealamh is fearr, an oiliúint is fearr agus na seirbhísí tacaíochta is fearr a bheith ag ár muintir nuair a chuireann siad chun farraige. Léiríonn thabhairt ar láimh an RIB Sea Rider seo go Cuan Chasla agus an Landrover 4x4 a fuarthas le gairid chomh dáiríre is atá mé faoi na deiseanna riachtanacha a sholáthar don Gharda Cósta chun an obair atá chomh tábhachtach sin a dhéanamh".
Dúirt an tAire freisin “ Beidh an tAonad coinnithe i dteach stáisiún nua agus ceardlann mar chuid de thógáil fhoirgneamh fóinte nua cuain de luach €640,000 ag mo Roinnse i Ros a Mhíl. Tá sé i gceist go mbeidh an foirgneamh nua sin tógtha níos deireanaí i mbliana".
Tá 52 Aonad Freagartha Cósta de Gharda Cósta na hÉireann ar fáil le glaoch amach 24 uair a chloig thart fán gcósta. Is daoine deonacha iad ar fad. Mar thacaíocht ag Aonad Chuan Chasla tá foireann lánaimseartha an Gharda Cósta agus heileacaptair an Gharda Cósta agus grúpaí eile timpeall an chósta mar bháid tarrthála RNLI agus báid Seirbhíse Tarrthála Cósta Pobail, Gardaí tarrthála Údaráis Áitiúil, An Garda Síochána, An Chosaint Shibhialta, Seirbhísí Otharcharr agus Tine agus daoine as na pobail áitiúla.
Mhol an tAire obair an Aonaid le gairid nuair a léirigh siad a gcumas agus iad ag tóraíocht na 12 iascaire Spáinneacha a chuaigh ar iarraidh nuair a bhuail an Arosa carraig agus chuaigh sí síos gar do Ros a Mhíl. Thug cách aitheantas d’obair an Gharda Cósta agus an phobail le linn an chuardaigh agus ag cuidiú le daoine muinteartha ina dhiaidh sin, lena n-áirítear Rialtas na Spáinne a bhronn bonn ar an nGarda Cósta as searmanas in Ambasáid na Spáinne i mBaile Átha Cliath.
Agus é ag moladh an Aonaid áitiúil dúirt an tAire Fahey "Bíonn siad réidh leis an mbaile agus leis an obair a fhágáil gan fógra agus aird a thabhairt ar achainí cabhrach uathu sin a bhíonn i ngátar ar an bhfarraige. Tá an t-ádh orainn mar náisiún a leithéid de dhúthracht a fháil ó dhaoine deonacha sna seirbhísí tarrthála i bpobail chósta . Níl deireadh lena gcuid crógachta agus lena gcuid easpa leithliseachta agus is sampla dúinn uilig na híobairtí a bhíonn siad sásta a dhéanamh".
ENDS.
For further information, please contact:
Tony Bass
Media & Communications Manager
Department of the Marine and Natural Resources
Leeson Lane
Dublin 2
Tel: +353-(0)1-619-9471
Fax: +353-(0)1-676-6161
Or
Tom Mc Loughlin
Press Officer
Department of the Marine and Natural Resources
Leeson Lane
Dublin 2
Tel: +353-(0)1-619-9662
Fax: +353-(0)1-676-6161