Communications
 

Scéim Leathanbhanda Tuaithe

Scéim Leathanbhanda Tuaithe
Bunaíodh an Scéim Leathanbhanda Tuaithe ionas go bhféadfaí seirbhís bhunúsach leathanbhanda a sholáthar d'áitribh faoin tuath nach bhfuil ábalta ar sheirbhís leathanbhanda a fháil ó na soláthraithe seirbhíse idirlín atá ann cheana.

Cruthaíodh an Scéim i gcomhpháirt leis an Roinn Talmhaíochta mar bheart faoin Scéim Forbartha Tuaithe ag úsáid maoiniú ó Chiste Talmhaíochta na hEorpa d'Fhorbairt na Tuaithe.

Ceantair a chlúdaítear ag an Scéim Leathanbhanda Tuaithe
Ireland Image

Léarscáileacha contae ar chontae don scéim SLT

Ceatharlach

An Cabhán

An Clár

Corcaigh

Dún na nGall

Átha Cliath

Gaillimh

Ciarraí

Cill Dara

Cill Chainnigh

Laois

Liatroim

Luimneach

An Longfort

Maigh Eo

An Mhí

Muineachán

Uíbh Fhailí

Ros Comáin

Sligeach

Tiobraid Árann

Port Láirge

An Iarmhí

Loch Garman

Cill Mhantáin

Conas a oibreoidh an Scéim ?

Beidh roinnt áirithe céimeanna leis an Scéim. Tá Céim an n-iarratas den scéim, a rith ón 9ú Bealtaine 2011 go dtí an 29ú Iúil 2011 thart anois agus tá na hiarratais á saothrú anois. Má chuir tú iarratas isteach ag druidim leis an lá scoir beidh litir admhála á seoladh chugat go luath.

Sa dara chéim den Scéim, fiosróidh an Roinn de sholáthraithe seirbhíse idirlín atá ann cheana féachaint an mbeadh siad sásta seirbhís a sholáthar go dtí na háitribh i gceist. Má tá siad sásta seirbhís a sholáthar, scríobhfaimid chugat chun cead a lorg ort ligean do na cuideachtaí seo teagmháil a dhéanamh leat. Más féidir seirbhís inacmhainne a sholáthar duit sa tslí seo, dúnfar d'iarratas faoin Scéim. I gcomhthéacs chuspóirí na Scéime is é is ciall le "seirbhís inacmhainne" ná seirbhís seachas seirbhís satailíte, ar chostas cosúil leis an gcostas a ghearrann Soláthraithe Seirbhíse sa cheantar ina bhfuil cónaí ort.

Mura dtoilíonn aon cheann de na cuideachtaí i gceist seirbhís a thairiscint duit, rachaidh d'iarratas ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa Scéim. Scríobhfaimid chugat ag an am sin le tú a chur ar an eolas. Táimid ag súil go mbeidh an dara Chéim sa Scéim críochnaithe faoi Eanáir 2012 ar a dhéanaí.

Is sa tríú chéim den Scéim a roghnóidh an Roinn soláthraithe seirbhíse idirlín a dhéanfaidh tairiscint ar sheirbhís bhunúsach idirlín d'iarrthóirí. Tabharfaimid na sonraí a bhaineann le gach iarrthóir don tseirbhís seo don soláthraí seirbhíse agus déanfaidh sé siúd teagmháil leis na hiarrthóirí agus an tseirbhís a thairiscint dóibh. Cé go mbeidh an Roinn ag íoc as cuid de chostas an trealaimh atá riachtanach le seirbhís a sholáthar faoin Scéim, is é an t-iarrthóir a bheidh freagrach as íoc as costas na seirbhíse féin. Seans go mbeadh costas éigin a bhaineann leis an gceangal le híoc i dtosach mar aon le táillí míosúla don tseirbhís féin. Beidh tuilleadh sonraí faoin tseirbhís agus na costais a ghabhfaidh léi ar fáil nuair a roghnófar an Soláthraí Seirbhíse. Níl dualgas ort glacadh le tairiscint seirbhíse faoin Scéim seo.

Táimid ag súil le tús a chur le feidhmiú céimneach na seirbhíse seo go luath i 2012 agus go mbeidh an Scéim comhlánaithe faoi dheireadh 2012 ar a dhéanaí.

Cosaint Sonraí
Le go n-oibreodh an Scéim go rathúil, beidh sé de riachtanas sonraí iarrthóirí (Ainm, seoladh agus uimhir ghutháin) a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse le measúnú agus cinneadh a dhéanamh faoi sheirbhís a thairiscint duit. Ní dhéanfaidh aon soláthraí seirbhíse teagmháil leat gan cead scríofa a bheith tugtha agat roimhré. Ní féidir iarratas a ghlacadh faoin scéim ach más féidir linn soláthraithe seirbhíse a chur i dteagmháíl leat.

Ní féidir glacadh le hiarratas faoin scéim gan a bheith ábalta ar chead a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse dul i dteagmháil leat.

 
Preaseisiúintí

Rural Broadband Scheme announced by Minister Rabbitte 09/05/2011


Rural Broadband Scheme Progress Update 08/07/2011



European Agriculture Fund for Rural Development LogoDepartment of Agriculture Fisheries and Food logo

Department of Communications, Energy and Natural Resources29-31 Adelaide Road, Dublin 2, Ireland
Tel +353-1-6782000 Fax +353-1-6782449
Version: 4.8 Daff